notícias musicais

top 13 artistas

top 13 musicas

Confira a Letra Mná Na Héireann

Lídia Pujol

Mná Na Héireann

Tá bean in éirinn,
A phronnfadh séad damh,
Is mo sháith le n-ól.
Is tá bean in éirinn,
Is ba binne léithe,
Mo rafla ceoil,
No seimn théid.
Atá bean in éirinn,
Is níorbh fhearr léi beo,
Mise ag léimnigh,
No leagtha i gcré,
Is mo tharr faoi fhód.
Tá bean in éirinn,
A bheadh ag éad liom,
Mur bhfaighinn ach póg.
O bhean ar aonach,
Nach ait an scéala,
Is mo dhaimh féin leo;
Tá bean ab fhearr liom.
No cath is céad,
Dhíobh nach bhfagham go deo,
Is tá cailín spéiriúil,
Ag fear gan bhearla,
Dubhfghránna cróin.

Tracker