notícias musicais

top 13 artistas

top 13 musicas

Confira a Letra An Poc Ar Buile

Cherish The Ladies

An Poc Ar Buile

Ar mo dhul dom siar chun Droichead Uí Mhórdhal
Píce im dhóid is mé ag dul i meitheal
Cé chasfail orm i gcumar ceoidh
Ach pocán crón is é ar buile

Aillilliú, puilliliú, ailliliú, tá an poc ar buile
Aillilliú, puilliliú, ailliliú, tá an poc ar buile

Do ritheamar trasna trí ruilleogach
Is do ghluais an comhrac ar fud na muinge
Is treascairt dá bhfuair se sna turtóga
Chuas ina aoinneaoin ar a dhroim le fuinneamh

Bhí garda mór i mBaile an Róistigh
Is bhailigh fórsaí chun sinn a chlipeadh
Do bhuail sé rop dá adhairc sa tóin air
Is dá bhristi nua do dhein se giobail

I nDaingean uí Chúise le haghaidh an tráthnóna
Bhí an sagart paróiste amach inár gcoinnibh
Is é dúirt gurbh é an diabhal ba dhóigh leis
A ghaibh an treo ar phócan buile

Discografia Tracker